The League Continues

March 01 2019 | Posted in: TV

Tá críoch na sraithe le feiscint ag an bpointe seo agus feicfimd 6 fhoireann le spriocanna ar leith le bhaint amach acu Dé Domhnaigh.

Bhí toradh díomách ag Ros Comáin an tseachtain seo caite ach tá lá mhór rompu inniu agus iad ag cur fáilte roimh Áth Cliath. Tá seans fós ag fir Jim Gavin cluiche ceannais na Sraithe a bhaint amach tar éis bua cuimsitheach ar Mhaigh Eo.

Má fhaigheann Ciarraí a bhua inniu beidh leath chois acu sa chluiche ceannais tar éis teacht aniar na seachtaine seo caite. Ach tá bua go ghéarr ag teastaíl ó fir Malachy O’Rourke tar éis cailliúit eile i gcoinne Thír Eoghain.

Agus san iomáint, sa bhabhta deireannach, tagann na sean naimhde Corcaigh agus Tiobraid Árann le chéile agus áit sna chluichí ceathrú ceanais ar an líne