Kellogg’s GAA Cúl Camps are back for a second season on TG4

June 15 2021 | Posted in:
Kellogg’s GAA Cúl Camps are back for a second season on TG4

Tá an-áthas ar CLG, i gcomhar le Kellogg agus TG4, a fhógairt go gcraolfar an clár GAA Cúl Camps don dara séasúr ar TG4 ar feadh sé seachtaine an samhradh seo. Tosóidh an tsraith Dé Luain, 28 Meitheamh ar 7:30pm, an lá céanna ar a mbeidh na campaí féin ag tosú ar fud na tíre. Beidh an tsraith ar fáil ar sheinnteoir TG4, áit a gcuirfear an filleadh ar ghníomhaíochtaí an champa ar fáil beo agus ar éileamh araon do gach duine sa bhaile agus thar lear.

Is iad Nemeton TV, atá lonnaithe i bPort Láirge, a léireoidh an tsraith GAA Cúl Camps agus is í Gráinne Bleasdale a chuirfidh an tsraith i láthair. Áireofar scileanna, druileanna agus míreanna ó shaineolaithe CLG i sraith na bliana seo, míreanna a mbainfidh an teaghlach ar fad sult astu, le buaiteoir Chraobhchomórtas Pheil na mBan, réalta Átha Cliath Sinéad Aherne, seaimpín Camógaíochta Chorcaí Linda Collins, Iománaí Phort Láirge Tadhg de Búrca agus imreoir Thiobraid Árann Séamus Kennedy, mar aon le peileadóir na Gaillimhe Paul Conroy agus peileadóir Dhún na nGall Ryan McHugh. Beidh dhá theaghlach ag glacadh páirte i ngach clár agus bainfidh siad triail as a gcuid scileanna nua. Tá CLG tiomanta deis a thabhairt do leanaí cluichí Gaelacha a imirt an samhradh seo agus táimid ag súil go mór le séasúr nua de leagan craolta Kellogg’s GAA Cúl Camps mar aon le leagan beo.

Tá páirt glactha ag 1,460,829 leanbh in GAA Cúl Camps ón mbliain 2006. D’éirigh go hiontach le Kellogg’s GAA Cúl Camps sa bhliain 2020 agus ba mhór an faoiseamh iad do bhreis agus 70,000 leanbh ar fud na tíre ó shrianta Covid-19. Is ionann an bhliain 2021 agus an 10ú bliain d’urraíocht Kellogg’s agus filleadh an chomórtais ar an bpaicéad a bhfuiltear ag súil go mór leis, ina mbeidh deis ag clubanna duaiseanna ar fiú €25,000, €10,000 nó €5,000 iad, a bhuachan.

Chuir Uachtarán CLG Larry McCarthy fáilte roimh an tsraith nua ag rá “Guím gach rath ar gach duine a bhfuil baint acu le Kellogg’s GAA Cúl Camps sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Kellogg agus TG4 as an gcruthaitheacht a thaispeáin siad anuraidh chun cuidiú linn teagmháil a dhéanamh leis an méid sin daoine óga tríd an gclár teilifíse. Tá súil agam go mbeidh sé gach pioc chomh rathúil i mbliana.”

Dúirt Sarah Ferguson, Ceann Margaidh Kellogg’s in Éirinn “Tá ríméad orainn go bhfuil Kellogg’s GAA Cúl Camps ag filleadh ar TG4 i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh le cláracha na bliana seo caite agus is iontach an bealach é le ceiliúradh a dhéanamh ar 10 mbliana d’urraíocht. Tá Kellogg’s GAA Cúl Camps ina ghné lárnach de shamhradh na hÉireann agus is iontach an rud é go bhfuil an clár GAA Cúl Camps ag cur leis seo gach bliain. Táimid ag súil go mór le breathnú ar an gclár agus na mílte leanaí ar fud na tíre a fheiceáil ag glacadh páirte sna campaí, ag bualadh lena gcairde agus ag baint súip as an saol i dtimpeallacht shláintiúil lasmuigh.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha “Táimid ag súil le sraith nua eile de GAA Cúl Camps ar TG4 a thabharfaidh deis don lucht féachana cuid de réaltaí na gcluíchí Gaelacha agus an chéad ghlúin eile a fheiceáil ag cleachtadh a gcuid scileanna.”

Cuireann Kellogg’s GAA Cúl Camps seachtain lán aicsin agus lán spraoi ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní idir 6 agus 13 bliana d’aois, seachtain ghníomhaíochta atá dírithe ar shult a bhaint as a bheith ag imirt na gcluichí Gaelacha. Tá na campaí á reáchtáil ag cóitseálaithe cáilithe agus is féidir le gach leanbh páirt a ghlacadh iontu, bíodh taithí aige i gcluichí Gaelacha cheana nó ná bíodh. Tá áit curtha in áirithe ag níos mó ná 100,000 leanbh cheana féin, ach tá áiteanna fós ar fáil in go leor ceantar. Féach ar do champa áitiúil arhttps://www.kelloggsculcamps.gaa.ie


The GAA, in conjunction with Kellogg and TG4, are pleased to announce that GAA Cúl Camps show will air for a second season on TG4 for six weeks this summer. The series begins on Monday 28th June at 7:30pm with the camps themselves also starting up around the country on the same day. The series will be available on the TG4 player TG4.ie, making the return to camp activity, both live and on demand, available to everyone at home and abroad.

The GAA Cúl Camps series will be produced by Waterford based Nemeton TV, and presented by Gráinne Bleasdale. This year’s series will include skills, drills and segments from GAA experts that will appeal to all the family from All-Ireland winning Dublin Ladies Football star Sinéad Aherne, Cork Camogie champion Linda Collins, Waterford Hurler Tadhg de Búrca, and Tipperary’s Séamus Kennedy along with Galway Footballer Paul Conroy and Donegal’s Ryan McHugh. Each programme will feature two families who will try their new skills. The GAA is committed to providing children with the opportunity to play Gaelic games this summer and looks forward to a new season of both broadcast and live Kellogg’s GAA Cúl Camps. Since 2006, 1,460,829 children have participated in the GAA’s Cúl camps. In 2020, the Kellogg’s GAA Cúl Camps proved a great success and provided a welcome diversion for over 70,000 children across the country from the Covid-19 restrictions. 2021 marks the 10th year of Kellogg’s sponsorship and the return of the eagerly anticipated on-pack competition, offering clubs the chance to win prizes worth €25,000, €10,000 or €5,000.

GAA President Larry McCarthy welcomed the new series saying, “Best wishes to everyone involved in the Kellogg’s GAA Cúl Camps in the weeks and months ahead. A special word of acknowledgement to Kellogg and TG4 for the creativity they showed last year in helping us to connect with so many young people through the television programme. I hope it’s every bit as successful this year.”

Sarah Ferguson, Kellogg Market Head Ireland said: “We are delighted to see the Kellogg’s GAA Cúl Camps return to TG4 after last year’s successful show and it’s a great way to celebrate our 10 years of sponsorship. The Kellogg’s GAA Cúl Camps have become a staple of Irish summers and it’s great that the GAA Cúl Camps show is adding to this each year. We look forward to watching the show and seeing thousands of children across the country take part in the camps, getting the chance to meet up with their friends and enjoy themselves in a healthy outdoor environment.”

TG4’s Head of Sport, Ronán Ó Coisdealbha said: “We look forward to another new series of GAA Cúl Camps on TG4 which will give our audience the opportunity to see some of our Gaelic Games stars and the next generation of youngsters practising their skills.”

The Kellogg’s GAA Cúl Camps provide boys and girls between the ages of 6 and 13 with an action-packed and fun-filled week of activity focused on having fun playing Gaelic games. The camps are run by qualified coaches and open to all children with and without Gaelic games experience. Over 100,000 children are already booked but there is still availability in many areas. Check out your local camp on https://www.kelloggsculcamps.gaa.ie