Éisteachtaí Ros na Rún

May 13 2019 | Posted in: TV

Tá Ros na Rún ag reáchtáil éisteachtaí ag deireadh na míosa i bPort Láirge agus Co na Mí.

Beidh na héisteachtaí ar siúl sa Rinn ar an 23ú Bealtaine agus i Ráth Chairn ar an 24ú Bealtaine.

Tá fir sna fichidí agus mná idir 35 - 45 á lorg againn.

Is féidir do CV agus grianghraf a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com.