Sraitheanna Peile na mBan i 2021
Fógartha ag TG4 go bhfuil méadú mór le déanamh ar an gclúdach ar Shraitheanna Náisiúnta Peile Lidl Pheil na mBan 2021
Tá TG4 ar tí méadú 150% a chur ar líon na gcluichí sna Sraitheanna Náisiúnta Peile Lidl Pheil na mBan 2021 a chraolfar ar an stáisiún Is léir ón méadú atáthar a dhéanamh ar an gclúdach, ó cheithre chluiche go dtí deich gcluiche, go bhfuil TG4 dílis do Pheil na mBan, agus leanann an stáisiún de bheith ina cheannródaí maidir le spórt na mban a chraoladh.
Craolfar ceithre chluiche grúpa ó Roinn 1A agus Roinn 1B ar TG4 chomh maith le cluichí leathcheannais ó Roinn 1. Craolfaidh TG4 na ceithre chluiche ceannais Roinne go heisiach an deireadh seachtaine an 26/27 Meitheamh - cluichí ceannais Roinn 1 agus Roinn 2 ar TG4 agus cluichí ceannais Roinn 3 agus Roinn 4 ar Chainéal Spóirt YouTube TG4.
Oíche Aoine an 21 Bealtaine a chuirfear tús le clúdach TG4 ar Shraitheanna Náisiúnta Peile Lidl Pheil na mBan 2021 le neart aicsin nuair a thabharfaidh Corcaigh aghaidh ar Thiobraid Árann sa chéad Roinn. Craolfar an cluiche sin beo ag an 7.30pm. Casfar na comharsana Gaillimh agus Maigh Eo ar a chéile ar pháirc na himeartha an lá dár gcionn ag 7.30pm.
Chomh maith le clúdach cuimsitheach agus urraíocht a dhéanamh ar shraith chraobhchomórtas Pheil na mBan, tá an-áthas ar TG4 cluichí Shraitheanna Náisiúnta Peile Lidl Pheil na mBan a thaispeáint ar ardán craoltóireachta saor in aisce ar stáisiún náisiúnta teilifíse agus trí chainéal Spóirt YouTube TG4, chomh maith le hiad a chur ar fáil ar fud an domhain ar Aip Sheinnteoir TG4.
Leanfar d’aicsean beo agus eisiach Pheil na mBan ar TG4 a chraoladh ar Pheil na mBan Beo. Is duine d’iarpheileadóirí na Gaillimhe, Máire Ní Bhraonáin, a chuirfidh an tsraith i láthair agus beidh painéal de shaineolaithe ina teannta chun anailís a dhéanamh, Michelle Ryan Phort Láirge, Sorcha Furlong agus Sinéad Finnegan Átha Cliath, Rena Buckley agus Rhóna Ní Bhuachalla Chorcaí chomh maith le Réalta na Mí agus Imreoir Idirmheánach na Bliana TG4 Vikki Wall ina measc. Brian Tyres a bheidh i mbun na foirne tráchtaireachta. NemetonTV, comhlacht léiriúcháin as Port Láirge, a léiríonn an tsraith. Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Tá TG4 i mbun clúdach beo agus eisiach ar Pheil na mBan le breis is fiche bliain anuas. Ón gclúdach breise a dhéanfar ar Shraitheanna Náisiúnta Lidl 2021 ar TG4, is ceannródaí fós an stáisiún maidir le spórt na mban a chraoladh in Éirinn agus a chinntiú go bhfuil spórt na mban a chur faoi bhráid lucht féachana teilifíse. Tá an-áthas ar TG4 tuilleadh cluichí a chur ar fáil don phobal saor go haer ar an teilifís.
Dúirt Uachtarán an LGFA Mícheál Naughton: “Is léiriú arís é ar thiomantas TG4 dár spórt, tiomantas nach bhfuil a shárú le fáil, go bhfuil tuilleadh cluichí beo curtha leis an sceideal teilifíse. Táimid ag tnúth go mór le tús a chur le Sraitheanna Náisiúnta Peile Lidl Pheil na mBan 2021, agus táimid an-sásta leis an bhfógra maidir leis an gclúdach seo nach bhfacthas riamh cheana ó TG4. Tá sárchluichí leagtha amach do na seachtainí amach romhainn agus trí chlúdach iontach TG4 cuirfear an t-aicsean is fearr ar fáil don lucht féachana anseo sa bhaile agus thar sáile.”
TG4 announces major increase in coverage of the 2021 Lidl Ladies National Football Leagues
TG4 is set to broadcast 150% more games from the 2021 LGFA Lidl Ladies National Football Leagues. The increase in coverage from four to ten games again confirms TG4’s dedication to Ladies Gaelic Football, as the station continues to blaze a trail for the broadcast of women’s sport.
TG4 will broadcast four group games from Division 1A and Division 1B, in addition to the semi-finals for Division 1. TG4 will also exclusively broadcast all four Divisional finals on the weekend of June 26/27, with Division 1 and 2 finals airing on TG4, and the Division 3 and 4 finals broadcast on Spórt TG4’s YouTube Channel.
TG4’s 2021 coverage of the Lidl Ladies National Football Leagues will get underway with Friday night action on May 21, with Division 1’s Cork v Tipperary clash broadcast live at 7.30pm. The following day will see neighbours Galway and Mayo lock horns at 7.30pm.
In addition to the station’s extensive coverage and sponsorship of the Peil na mBan championship series, TG4 is delighted to give these games from the Lidl Ladies National Football Leagues the exposure on a broadcast platform that is free to air on national television and via Spórt TG4’s YouTube channel, and to also make them available globally via the TG4 Player App.
Peil na mBan Beo will continue to be the home of live and exclusive Ladies Football action on TG4. The series will be presented by former Galway footballer Máire Ní Bhraonáin, who will be joined by an expert panel for analysis including Waterford’s Michelle Ryan, Dublin’s Sorcha Furlong and Sinéad Finnegan, Cork’s Rena Buckley and Rhóna Ní Bhuachalla, Meath Star and current TG4 Intermediate Player of the Year Vikki Wall. The commentary team will be led by Brian Tyers. The series is produced by Waterford-based production company NemetonTV.
Rónán Ó Coisdealbha, TG4 Head of Sport, said: “For over twenty years TG4 has been the home of live and exclusive television broadcasting of Ladies Gaelic Football. With TG4’s increased coverage of the 2021 Lidl National Leagues, we continue to lead the way in broadcasting of women’s sport in Ireland and ensures that women’s sport is front and centre for television audiences. TG4 is delighted to make even more games available to the public on free to air television.”
Mícheál Naughton, LGFA President, said: “The addition of further games in the live TV schedule once again demonstrates TG4’s unrivalled commitment to our sport. We are very much looking forward to the commencement of the 2021 Lidl Ladies National Football Leagues, and delighted with the announcement of this unprecedented coverage from TG4. There are some mouth-watering fixtures to look forward to during the weeks ahead, and TG4’s stand-out coverage will the very best action into viewers’ homes at home and abroad.”