Podchraoladh Físe ag Nemeton TV

June 09 2020 | Posted in: Sport
Podchraoladh Físe ag Nemeton TV

Pléifear cuid de na heachtraí is cáiliúla a tharla i gcluichí CLG le linn na 1980idí i sraith nua ar TG4. Déanfaidh GAA Gold - Na Scéalta cur síos ar na cluichí is tábhachtaí a imríodh le linn na 1980idí agus pléifear na buaicphointí agus na hísealphointí leis na himreoirí a bhí ag imirt ag an am. Tabharfar léargas nua ar chuid de na cluichí is cáiliúla i stair Chumann Lúthchleas Gael mar chuid de shraith nua atá le seoladh ag TG4.

Déanfaidh GAA Gold – Na Scéalta cur síos ar na cluichí is tábhachtaí a imríodh le linn na 1980idí agus pléifear na buaicphointí agus na hísealphointí leis na himreoirí a bhí ag imirt ag an am.

Craolfar an tsraith nua, léirithe ag Nemeton Teo, gach Céadaoin ar chainéal Youtube Spórt TG4 ag 7.00pm. Is é Micheál Ó Domhnaill, láithreoir GAA BEO, a chuirfidh an tsraith i láthair agus aíonna speisialta faoi agallamh aige gach seachtain. Inseofar scéalta faoi na laochra a bhí ag imirt ina dteannta agus ina gcoinne agus nochtfar cúpla seoid nua ó na cluichí sin nach raibh cur amach ag daoine orthu go dtí seo.

Chomh maith leis sin beidh míreanna gearra ó na cluichí féin le feiceáil, ach is podchraoladh físe é seo le comhrá bríomhar.

Sa chéad chlár, GAA GOLD – Na Scéalta 1980, cuirfear faoi agallamh Ger Power agus Joe Connolly, captaein fhoirne Chiarraí agus na Gaillimhe a bhuaigh craobhacha peile agus iomána na hÉireann an bhliain sin, agus beidh an craoltóir aitheanta Seán Bán Breathnach in éineacht leo.

Tá sé fógartha chomh maith ag TG4 go mbeidh sraith nua GAA Gold ag tosú Dé Domhnaigh, an 14 Meitheamh. Sa chéad chlár, tabharfar spléachadh ar na heachtraí móra a tharla i 1980 ó Chluiche Ceannais na Sraithe Peile Náisiúnta i mí Aibreáin go Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i mí Mheán Fómhair.