Nemeton Spotlight Feature: Seanie Mac Craith

October 05 2022 | Posted in: Staff Stuff
Nemeton Spotlight Feature: Seanie Mac Craith

This week in our Spotlight Feature series we chat to our brilliant editor Seanie Mac Craith from An Rinn, Co. Phort Láirge!

Thosnaigh mé ag obair anseo i Nemeton siar i Samhradh 2017. Bhí briseadh bliana ón ollscoil á dtógaint agam tar éis an mheánscoil nuair a chuir Niamh ceist orm an mbeadh suim agam oibriú anseo i Nemeton go páirt-aimseartha ar feadh tamaill. Bhíos chun an deis a dhiúltiú ar dtús toisc go raibh dhá phoist eile agam chomh maith ag an am ach chuir m’athair ina luí orm an phost a ghlacadh agus tá mé anseo ó shin!

I started here in Nemeton back in the summer of 2017. I had taken a year out after school when Niamh asked me would I be interested working Nemeton part-time for a while. I was going to turn it down because I had two other jobs on the go but my Dad advised me to take the job and I’m here ever since!

Ní bhfaighfinn cur síos a dhéanamh ar mo ról anseo i Nemeton in aon chor haha. Is dócha go ndéanaim píosaí de gach aon rud agus bhí sé mar sin ón a thosnaigh mé anseo! ‘A Jack of all trades but a master of nothing’ mar a chuireann Cathal síos orm.

I can’t describe my role in Nemeton at all. I suppose I do a bit of everything and it’s been like that since the start! Cathal describes me as ‘A Jack of all trades but a master of nothing’.

An rud is fearr liom faoin bpost anseo ná gur féidir linn labhairt lena chéile trí ghaoluinn gach lá. Is buntáiste den scoth é a bheith in áit oibre gur féidir liom leanúint ar aghaidh ag labhairt gaoluinn. Níl an t-ádh le formhór de dhaoine a bheith in ann leanúint ar aghaidh ag caint gaoluinn tar éis an scoil.

My favourite thing about the job is that we can speak Irish to each other day to day. It’s such an advantage to work somewhere where I can keep speaking Irish. Most people aren’t that lucky to keep speaking Irish after school.

Tá sé thar a bheith taitneamhach ag obair san tionscal léiriúcháin teilifíse, cé gur féidir leis a bheith an-dúshlánach ag amantaí. Baineam taitneamh as an dúshlán atá i gceist leis an bpost agus an luach saothair bainteach le bheith suite siar sa bhaile ag féachaint ar píosaí oibre a chruthaigh mé fhéin agus mo chomhghleacaithe.

It’s really enjoyable working in the TV industry, although it can be challenging at times. I enjoy the challenges that come with the job and the reward of sitting back at home and watching something myself and my colleagues made being broadcast on television.

Níl aon éachtaí agam go fóill anseo i Nemeton. Is dócha sprioc atá agam fhéin ná eagarthóireacht a déanamh ar Laochra Gael sa todhchaí, nílim faoi aon bhrú go fóill leis!! Is dócha nílim tar éis mo phost a chailliúnt go fóill, chuirfinn sin mar éacht éigint is dócha!!

I’ve no achievements yet in Nemeton. I’d love to edit a Laochra Gael in the future, but I’m not under any pressure yet!! The fact that I’ve kept my job is an achievement in itself!!

An rud is uathúla faoin bpost seo ná bheith in ann ábhar den scoth a chruthú gach lá trí ghaoluinn le criú lán le daoine cumasacha agus cruthaitheach. Is iontach an rud é a bheith in ann le daoine ar an leathnach céanna atá spreagtha chun ábhar a léiriú chomh maith is gur féidir linn.

The most unique thing about this job is being able to create something brilliant every day through the Irish language with really capable and creative people. It’s great to be on the same page as people and be inspired to produce something to the best of our abilities.