Nemeton Spotlight Feature: Máire Ní Bhraonáin

November 16 2022 | Posted in: Staff Stuff
Nemeton Spotlight Feature: Máire Ní Bhraonáin

This week in our Spotlight Feature series we hear from our treasured Peil na Ban Beo presenter and former Galway footballer, Máire Ní Bhraonáin.

Chuir mé tús le mo chuid oibre le Nemeton agus le Spórt TG4 in 2011. Ba iontach an taithí a fuair mé mar anailisí agus mar co-thráchtaire spóirt le Peil na mBan Beo. Thosaigh mé ag obair mar láithreoir teilifíse nuair a chuir mé C.L.U.B. i láthair in éineacht le Diarmuid Lyng in 2018.

Sa bhliain 2020, tugadh an deis dom a bheith mar láithreoir ar Pheil na mBan Beo. Creidim go bhfuil ról lárnach ag an spórt inár saol. Tá an-chuid déanta ag TG4 le 20 bliain anuas chun Peil na mBan a chur chun cinn agus a fhorbairt. Tar éis dom a bheith ag obair mar anailísí ar Pheil na mBan Beo ó 2011, tá ríméad orm Peil na mBan Beo a chur i láthair.

Ón gclúdach breise a rinneadh ar Shraitheanna Náisiúnta Lidl 2021 ar TG4, is ceannródaí fós an stáisiún maidir le spórt na mban a chraoladh in Éirinn. Ar ndóigh, ba mhór an onóir dom glacadh leis an deis iontach seo agus Peil na mBan Beo a chur i láthair agus a chinntiú go bhfuil spórt na mban curtha os comhair lucht féachana teilifíse.

Is maith liom éirí breá luath ar maidin le cinntiú go mbeidh mo dhóthain ama agam chun ullmhú don lá oibre i rith na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine. Ar lá an chluiche, ithim mo bhricfeasta (leite le torthaí a bhíonn agam go hiondiúil). Úsáidim an t-am seo le súil siar a chaitheamh ar nótaí agus ar fhoirne an lae, an Ord Reatha, an taighde atá déanta agam agus ar ndóigh ar na nótáí ón taighdeoir. Glacaim cith, déanaim mo chuid gruaige agus mo smidiú. Roghnaím éadaí a bheidh feiliúnach don aimsir. Scaití, d’fhéadfadh ceithre shéasúr a bheith agat in aon lá amháin agus is fearr a bheith ullmhaithe ná aiféall a bheith ort. Fágaim neart ama chun taisteal chuig na cluichí. Airím níos compordaí a bheith ann luath ar fhaitíos go mbeadh trácht ar an mbóthar. Buailim leis an bhfoireann léirithe agus leis an gcriú go léir ag an bpáirc /staid. Déantar cinnte go bhfuil chuile shórt ó thaobh FACS ag obair agus na gléasanna fuaime srl. Freastlaím ar an gcruinniú léirithe leis an gcriú. Bíonn am ansin le súil siar a chaitheamh ar nótaí agus ar thaighde chomh maith le taifead a dhéanamh ar an VT. Roimh thús an chluiche, déantar agallaimh leis na bainisteoirí. Úsáidtear an t-am seo chun roinnt cleachtadh a dhéanamh roimh dhul ar aer. Cuirtear ar an eolas sinn faoi athruithe ar na foirne amantaí roimh thús an chluiche. Nuair a thosaíonn an cluiche, tá córas agam chun nótaí a ghlacadh le linn an chluiche chomh maith le scóranna agus eachtraí a thabhairt faoi deara. Réitím do na hagallaimh a bheith ann i ndiaidh an chluiche. Is féidir liomsa taisteal abhaile agus mo chuid nótaí a chur san fhillteán, fad is a bheidh an criú fós ag an bpáirc ag bailliú cáblaí agus ag pacáil gach rud le tabhairt leo. Obair foirne agus meitheal a bhíonn i gceist ó thús go deireadh.

An rud is fearr liom faoin bpost ná an deis a bheith i lár an aicsean beo. Tá níos mó ná cluichí i gceist i mo thuairimse. Tagann daoine, clubanna agus paróistí le chéile le tacaíocht a thabhairt dá gclann agus dá gcairde agus iad toilteanach meas a léiriú ar imreoirí eisceachtiúla amuigh ar an bpáirc.

Is minic a chloistear faoin atmaisféar speisialta a bhaineann le cluichí. Caithfear obair chrua a chur isteach chun an duais a thabhairt abhaile ag deireadh an lae. Léirítear misneach, paisean, bród agus scil ar an bpáirc. Tá sé fíor-speisíalta a bheith páirteach agus a bheith i lár an aonaigh. Ó bhí mé sa bhunscoil, chuir mé an-suim go deo inár dteanga dúchais, spóirt agus ceol traidisiúnta.

Cloistear faoi na laochra a shíolraigh ó ghlúin go glúin i stair shaibhir na tíre seo. Is ceiliúradh iad na cluichí ar scil agus ar aclaíocht na n-imreoirí iontacha seo. Éiríonn leo na dushláin a shárú le bheith ann agus léirigh siad cé chomh gairmiúil is atá siad. Nascann siad spiorad pobail, obair foirne agus iarracht aonair an duine le chéile. Molaim go hard na spéire iad agus is mór an onóir dom a bheith mar láithreoir ag na cluichí seo agus an deis agam labhairt leis na himreoirí.

Is onóir mhór dom a bheith mar chraoltóir agus mar láithreoir. Silím gurb iad ullmhúchán agus díograis na gnéithe is suntasaí a bhaineann leis an obair san san earnáil teilifíse. Caithfear na huaireanta a chur isteach ag ullmhú don chluiche. Tá foireann léirithe den chéad scoth againn in Nemeton agus caithfear leanúint leis an ard-chaighdeán sin. Tá an t-ádh orm a bheith ag obair le dream chomh oillte leo. Feicim an obair chrua ó chuile dhuine - na léitheoirí, na stiúrtheoirí, na taighdeoirí, na tráchtairí, na hanailísithe, na ceamadóirí, lucht fuaime agus físe agus na teicneoirí uilig. Chomh maith lena gcuid dualgaisí a chomhlíonadh, is cairde iad agus cabhraíonn gach duine lena chéile chomh a chinntiú go gcuirtear clár d’ard chaighdeán amach ar aer.

Is rud speisialta atá i gceist leis an obair teilifíse beo. Is cuimhin liom an chéad chluiche cheannais ar tugadh an deis dom a bheith mar chomh-thráchtaire le Brian Tyres le Nemeton agus le TG4. Bhí radharc dochreidte againnn ag breathnú anuas ar an bpáirc, macalla an bhéiceadh le cloisteáil timpeall orainn agus gáir mhollta ón slua le chuile scór a aimsíodh.

Bainim leas as mo thaithí laethúil mar mhúinteoir agus mé ag cur cláracha i láthair, ó thaobh scileanna taidghe de, ceistiú, scileanna chumarsáide agus mé féin a chur in iúil. Seasann taithí leat i gcónaí, agus táim fíor-bhuíoch as na deiseanna a bhí agam mar leas-Príomhoide i gColáiste Lurgan i rith an tsamhraidh agus nuair a thug mé aghaidh ar an Saimbia trí huaire chun tithe a thógáil do na daoine áitiúla sa tír. Le chuile phost, tháinig an taithí, thapaigh mé an deis le bheith ag foghlaim faoi phearsantachtaí dhaoine, chomh maith le bealaí éagsúla a bheith foighneach agus faoi mhisneach.

Táim an-bhródúil as na Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan Beo idir an Mhí agus Áth Cliath ar an 5 Meán Fómhair an dara clár is mó ar bhreathnaigh daoine air anuraidh. Bhí meánlucht féachana 227,000 aige agus bhí sciar 29.9% ag an gcluiche. Is léir go bhfuil gean ag an bpobal féachana ar TG4 agus an luach atá linn mar chraoltóir seirbhíse poiblí.

Méadaíodh líon na gcluichí peile sraithe a chraoladh ar an stáisiún a bhliain 2021 faoi 150%. Deich gcluiche, seachas ceithre chluiche mar a chraoladh cheana, i Sraitheanna Náisiúnta Pheil na mBan 2021 a chraoladh ar TG4.

Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil méadú as cúimse tagtha ar an slua a fhreastlaíonn ar na Cluichí Ceannais. Tógáimís 2014 mar shampla le 27,374 i láthair agus an curriarracht a baineadh amach i 2019 le 56,114 i láthair. Tá súil agam go leanfaidh an fás agus forbairt ar aghaidh, amach anseo.

Caithfear a bheith freagrach agus bródúil as an obair a dhéantar. Cuirim mo chroí isteach sa obair le go mbeidh mé ag cur leis an gclár ar bhealach éifeachtach. Teastaíonn clár d’ardchaighdeán ón lucht féachanna sa bhaile. Is breá liom a bheith ag feabhsú agus ag cur le mo chumas féin agus le mo chuid scileanna i gcónaí.

Is onóir atá i gceist le bheith mar láithreoir ar Pheil na mBan Beo! Caithfidh mé a rá gurb é an rud is speisiúla ná nach mbíonn aon chlár nó aon lá mar an gcéanna. Is breá liom a bheith i lár an aonaigh. Caithfear a bheith réidh do athruithe ar an láthair, agallaimh bhreise, stíl imeartha iomlán éagsúil. Aithním an iarracht agus na míonna agus na blianta d’obair an-chrua atá curtha isteach ag na himreoirí chun a n-áit a bhaint amach ar an bhfoireann. Mothaíonn tú an teannas agus díograis ar an lá. Is deis dochreidte í chun an geansaí luachmhar a chur ort féin, ar son do chontae, agus le himirt ag an leibhéal is airde. B’fhéidir gurb iad faoiseamh agus rímead an dá mhothúcháin is coitianta a bhraitheann na himreoirí, ar an an bhfoireann buacach, nuair a séidtear an fhéadóg dheireanach.

Mar iar-imreoir, is fíor a rá go bhfuil draíocht ag baint leis na páirceanna agus le gach staid ar fud na tíre. Fiú anois agus mé ag siúl isteach tríd na geataí nó nuair a leagaim cos ar thalamh stairiúil Pháirc an Chrócaigh, bíonn mo chuid shúile ag glioscarnach le scéitimíní, i measc an aicsin beo.