Na campaí ‘GAA Cúl Camps’ le craoladh ar TG4

June 23 2020 | Posted in: TVEducationSport
Na campaí ‘GAA Cúl Camps’ le craoladh ar TG4

Cúis áthais do Chumann Lúthchleas Gael, i gcomhar le Kellogg’s agus TG4, a gcuid pleananna maidir le Kellogg’s GAA Cúl Camps 2020 a fhógairt. Cuirfear tús leis na campaí féin ar 20 Iúil, ach idir an dá linn agus leis na himreoirí óga a réiteach do na campaí, craolfar an sraith teilifíse ‘GAA Cúl Camps’ ar TG4 ón 29 Meitheamh ar aghaidh.

Craolfar an clár ó Luan go hAoine ag 10.25 ar feadh trí seachtaine ón 29 Meitheamh go dtí 17 Iúil. Craolfar an clár arís tráthnóna ar 5.15 agus beidh fáil air ar sheinnteoir TG4 ag TG4.ie agus ar Cula4.com. Is í Gráinne Bleasdale a chuirfidh an clár i láthair. Bhí Gráinne páirteach san fheachtas mór aclaíochta do Operation Transformation – 10@10, bíonn sí ag aisteoireacht i bpáirt Michelle ar Ros na Rún agus bhí sí páirteach sna sraitheanna ‘An Saol Faoi Sháid’ agus go leor eile.

Beidh roinnt míreanna sa chlár le réalta spóirt, leithéidí Rena Buckley (Corcaigh), Liam Rushe (Áth Cliath) agus Caoimhín Ó Casaide (Dún na nGall)

Is iad an chomhlacht teilifíse Nemeton a léireoidh an tsraith.

De réir threoirlínte CLG maidir leis na cluichí Gaelacha a chur ar siúl arís go sábháilte, is féidir a fhógairt go mbeidh na Kellogg’s Cúl Camps á gcur ar siúl i gclubanna fud fad na tíre tar éis 20 Iúil. Foilseofar liosta de na clubanna ina mbeidh siad ar siúl ar shuíomh idirlín an Chumainn ar 22 Meitheamh https://www.kelloggsculcamps.gaa.ie/as-gaeilge agus beidh an mórphobal in ann spásanna a chur in áirithe ón dáta sin ar aghaidh. Tá gach eolas faoi na Cúl Camps ar fáil ag an nasc sin, freisin.

De bharr na paindéime d’fhéadfadh sé tarlú go laghdófar ar an líon daoine atá in ann páirt a ghlacadh sna campaí i gcontaetha áirithe. Dá bhrí sin, socraíodh go mbeadh feisteas na Kellogg’s GAA Cúl Camps ar fáil le ceannach ar líne ag an nasc seo a leanas https://www.kelloggsculcamps.gaa.ie/

Rinneadh teagmháil leis an 4,000 duine a bhí tar éis clárú do na campaí i mbliana sular tháinig an phaindéim agus tugadh trí rogha dóibh; 1.) Aisíoc iomlán 2.) Feisteas na Cúl Camps a fháil sa phost chomh maith le haisíoc ar an méid a bhí ag seasamh amach ina dhiaidh sin 3.) Spás a fháil ar cheann de na campaí a athschocraíodh.

De bharr na mbeartas sláinte agus sábháilteachta atá i bhfeidhm faoi láthair, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeidh clubanna áirithe in ann an líon céanna páistí a thógáil ar a gcuid campaí i mbliana. Dá bhrí sin moltar do dhaoine spásanna a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Sean Ó hÓráin, go raibh ríméad air go raibh sé in ann pleananna an Chumainn do na Cúl Camps a fhógairt.

Thug Ruth Hughes, Ceannasaí Margaíochta Kellogg’s in Éirinn, le fios go raibh sí an-sásta go mbeadh na Cúl Camps ag gabháil ar aghaidh i mbliana agus go mbeadh gné de na campaí le feiceáil ar an teilifís i mbliana.

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4, “Tá TG4 ar bís go mbeadh na Kellogg’s GAA Cúl Camps á chraoladh ar TG4 agus go mbeidh deis ag gasúir óga a scileanna a fheabhsú agus iad sa bhaile. Gach maidin, ar feadh uair a chloig ar Cúla4, beidh Campa Cúla4, agus díreach in a dhiaidh, craolfar na GAA Cúl Camps. Beidh neart siamsaíochta agus spraoi ann do na gasúir an Samhradh seo ar TG4.”