Evelyn agus Niamh Ainmnithe do Réalta Óg na Bliana 2022

September 15 2022 | Posted in: Staff StuffSport
Evelyn agus Niamh Ainmnithe do Réalta Óg na Bliana 2022

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Gleneagle, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022.

Tá ainmniúchán do Réalta Óg na Bliana faighte ag Evelyn Ní Ghriallais a oibríonn linn ar Rásaí BEO ar TG4 agus iar-scoláire Niamh Ní Ruadagáin a bhí linn ar an gcúrsa Ard Dip an bhliain seo caite.

Rugadh i gCill Bhriocáin i Ros Muc í Evelyn Ní Ghriallais agus tá sí bliain is fiche d’aois i mbliana. Tá sí sa bhliain deireanach dá cúrsa in Ollscoil Luimnigh agus tá staidéar á dhéanamh aici ar an altranas ginearálta. Duine ar bith a bhfuil aithne aige nó aici ar Evelyn, tuigeann siad gurb é an paisean is mó atá aici ná rásaíocht capaill. Ó bhí sí óg, bhíodh sí ag dul ó cheann ceann na tíre chuig rásaí capall in éineacht lena hathair agus tá an-ghrá don spórt aici ó shin.

Tá dea-chuimhne amháin ag Evelyn faoina taithí sna meáin go dtí seo. Thosaigh sí amach ar thaithí oibre in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus í fós sa mheánscoil, áit ar tugadh deiseanna di dul ag obair leis an rannóg spóirt ag déanamh cur síos ar rásaí. Ansin tugadh deis ollmhór di a bheith mar anailíseoir rásaí capall ar an gclár Rásaí Beo ar TG4. Tá Evelyn thar a bheith buíoch do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus do TG4 as na deiseanna iontacha seo a thabhairt di in ainneoin a hóige.

Tá Evelyn ag obair léi in earnáil na rásaíochta go fóill ach tá drogall uirthi an focal ‘obair’ a úsáid agus í ag caint ina teanga dúchais faoin spórt a ardaíonn a croí.

As iarthar Béal Feirsteach ó dhúchas do Niamh Ní Ruadagáin, is breá léí na meáin shóisialta, cúrsaí scannánaíochta agus eagarthóireachta agus tá sí i ndiaidh ábhar a chruthú dá cuid leathanaigh féin, do BLOC TG4 agus do chláir theilifíse. Anuraidh d’éirigh léi scoláireacht a fháil don chúrsa Iarchéime Ard-Dioplóma le Nemeton TV sa Rinn. Le linn di a bheith anseo scríobh, stiúir agus chuir sí in eagar a chéad phíosa scannánaíochta riamh a bhain an gradam Gearrfhíseán Dhátheangach na Bliana ag na Smedias i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin.