Nemeton TV Students Graduate!

November 03 2017 | Posted in: Education
Nemeton TV Students Graduate!

ONÓRACHA DÚBÁILTE: BHAIN SCOLÁIRÍ NEMETON TV AMACH AGUS IAD AG TNÚTH LE CRAOLADH AR TG4

Bhí lá den scoth san Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge nuair a bhain scoláirí NemetonTV an tArd Dioplóma i Léiriú Teilfíse amach le honórocha. Fuair deich scoláire aitheanteas do cláracha le hardchaighdeán samhlaíochta agus cruthaíochta. Agus tá na scannánóirí óga ag dul ó neart go neart ó chríochnaigh a gcúrsa i mbliana. D’éirigh thar barr le cláracha ón gcúrsa i mblaina ag comórtais idirnáisiúnta sna meáin timpeall na tire, ina measc: Guth Gafa, Kerry Film Festival agus Fingal Film Festival. Agus anois tá na céimithe ag lorg a leanúint na céimithe a chuaigh rompu ón gcúrsa – beidh a gcláracha á chraoladh ar TG4.

Is mó iad na buntáistí a bhaineann le oideachas mar seo, agus tá na céimithe tar éis postanna a fháil in eagarthóireacht, ceamaradóireacht agus léiriúcháin i gcomhlachtaí léiriúcháin iontacha in Éirinn.

“Bhí an cúrsa bunaithe ar chleachtadh le dushláin eagarthóireachta, léiriúcháin agus stiúrthóireacha i gcomhlacht gnóthach teilfíse. ” Sarah McCoy, NemetonTV

“Creidim go láidir go raibh ról lárnach ag an gcúrsa Ard Dip seo agus mé ag fáil áiteanna ar dhá chúrsaí traenála.” Allister Higgens, Screen Scene and Oireachtas TV

“Bhí sé dochreidte taithí agus comhairle a fháil ó teagascóirí go bhfuil taithí leathan acu i dtionscadáil na teilifíse agus na meán digiteachta.” Fiona Griffin, Sibeal Teo and Fleadh TV

“Más os comhair ná taobh thiar den gceamara atá beartaithe agat, cabhróidh an cúrsa leat agus na scileanna riachtanacha sin a mhúineadh duit.” Cian O Halloran, NemetonTV

Tá an Cúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, atá aitheanta agus molta go forleathan, creidiúnaithe ag Institiúd Theicneolaíochta Phort Láirge agus tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht chomh maith. Tuigtear go forleathan gur é an cúrsa i rannóg na meáin is mó a dhíríonn ar thionscal na teilifíse. Le blianta beag anuas, tá an SMEDIA (Student Media Award) sa chatagóir Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge – Faisenéis agus Drámaíocht buaite ag na scoláirí.

DOUBLE HONOURS: NEMETON TV STUDENTS GRADUATE AS THEY LOOK FORWARD TO TG4 BROADCAST

It was an exciting day at Waterford Institute of Technology as this year’s students from the Higher Diploma in Television and Digital Media Production at NemetonTV all graduated with honours. The work of ten students was recognized as being of the highest quality and since completing the course in May, the young filmmakers have been going from strength to strength. Their films have been screened to great acclaim at festivals throughout the country including Guth Gafa, Kerry Film Festival and Fingal Film Festival. And now, following in the accomplished footsteps of previous graduates from the course, their films are due for broadcast on TG4. Benefiting from a hands-on practical education, this year’s now highly skilled graduates have found work in editing, camera and production in some of the country’s top television production companies. “The course gave me a really great practical introduction into TV as we were based in a busy live production environment.” Sarah McCoy, NemetonTV

“I strongly believe that the Higher Diploma in TV was a key factor in my obtaining places on two sought after trainee programmes.” Allister Higgens, Screen Scene and Oireachtas TV “It was great to have the experience and advise of lecturers who are all industry professionals with broadcasting credits” Fiona Griffin, Sibeal Teo and Fleadh TV

“Because I had so much practice in camera and editing on the course, I was able to walk straight into a job and start using these skills.” Cian O Halloran, NemetonTV

This Higher Diploma In Television & Digital Media Production is run by the Waterford Institute of Technology in association with NemetonTV, one of Ireland’s leading production companies, and Údarás na Gaeltachta. The course has gained a high profile in the media industry and has an excellent employment record among course graduates. Films produced on the course have gone on to win Best Irish Language documentary at the National Student Media Awards every year since 2014.

Nemeton TV: 058 46499 traenail@nemeton.ie nemeton.ie/training wit.ie/pg